An méid a dhéanann an tAontas Eorpach
Meastar gur ‘ábhar leasa choitinn’ é an beartas eacnamaíoch faoi dhlí an Aontais. Tá creat rialachais eacnamaíoch bunaithe ag an Aontas chun monatóireacht agus ceartú a dhéanamh ar threochtaí eacnamaíocha san Aontas, sin agus iad a chosc. Is rudaí iad a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar gheilleagair náisiúnta, ar an limistéar euro, nó ar an Aontas ina iomláine.
Laistigh den chreat sin, go háirithe tríd an Seimeastar Eorpach, tugann an tAontas treoir agus déanann sé comhordú ar bheartais mhaicreacnamaíocha chun fás inbhuanaithe a chur chun cinn san Aontas, sa limistéar euro agus sna Ballstáit. Cinntíonn sé sin cobhsaíocht fhioscach agus airgeadais san Aontas chomh maith.
Chun bonn eolais a chur faoi cheapadh beartas eacnamaíoch, cuireann an Coimisiún Eorpach réamhaisnéisí eacnamaíocha ar fáil agus déanann sé suirbhéanna ar ghnólachtaí agus ar thomhaltóirí. Sna réamhaisnéisí eacnamaíocha, a fhoilsítear san earrach agus san fhómhar gach bliain, cumhdaítear raon leathan athróg maicreacnamaíoch agus fioscach do na Ballstáit uile, do thíortha is iarrthóirí, do thíortha CSTE agus do mhórgheilleagair eile atá forbartha agus atá ag teacht chun cinn.

Cumhdaíonn na suirbhéanna comhchuibhithe rialta ar ghnólachtaí agus ar thomhaltóirí earnálacha éagsúla de gheilleagair an Aontais agus sna tíortha is iarrthóirí.
Thairis sin, cuireann an tAontas in éineacht leis na Ballstáit uile a phríomhuirlis téarnaimh i bhfeidhm, is é sin an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) dar luach €650 billiún. Is é is aidhm di ár ngeilleagair agus ár sochaithe a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos ailínithe leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach.
Lasmuigh den Aontas, tugann an tAontas cúnamh macrairgeadais do thíortha comhpháirtíochta, deich gcinn de chomhpháirtithe an mhéadaithe agus comhpháirtithe comharsanachta ina measc, rud a chuidíonn i dtaobh a ngeilleagair a chobhsú le linn tréimhsí dúshlánacha. Cuireann an tAontas a sheasamh eacnamaíoch chun cinn ar fud an domhain freisin, é ag plé le príomhúdaráis agus le príomhinstitiúidí náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Is é an euro an dara hairgeadra is tábhachtaí ar fud an domhain é, agus neartaíonn sé geilleagair agus córais airgeadais an limistéir euro i gcoinne suaitheadh malairte eachtraí, laghdaíonn sé an spleáchas ar airgeadraí eile agus íslíonn sé na costais do ghnólachtaí an Aontais. Tacaíonn an tAontas le Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro agus iad ag iarraidh na critéir a chomhlíonadh chun an euro a ghlacadh.
Príomhfhigiúirí
Réimsí gníomhaíochta
Na réamhaisnéisí cuimsitheacha is déanaí lena gcumhdaítear príomhtháscairí maicreacnamaíocha agus fioscacha
Comhordú bliantúil ar bheartais eacnamaíocha agus shóisialta an Aontais
Ionstraim shealadach chun go mbeidh an tAontas níos láidre agus níos athléimní tar éis COVID-19
Airgeadra coiteann an Aontais a úsáidtear i 21 Bhallstát
Na príomhnithe a baineadh amach
- Déanann an tAontas míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith díobhálach a shainaithint agus a chosc agus tugann sé aghaidh orthu go luath, míchothromaíochtaí a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don chobhsaíocht eacnamaíoch i mBallstát ar leith, sa limistéar euro, nó san Aontas ina iomláine.
- Tá an tAontas ag infheistiú agus ag cur athchóirithe i bhfeidhm ar mhaithe lena shaoránaigh, lena ghnólachtaí agus leis an gcomhshaol. Leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, tiomsaíonn an Coimisiún Eorpach cistí chun tacú leis na Ballstáit athchóirithe agus infheistíochtaí uaillmhianacha a mhaoiniú.
- Seasann an tAontas do leasanna eacnamaíocha an Aontais ar fud an domhain. Ó tharla gur cumhacht eacnamaíoch dhomhanda é, tá tionchar nach beag aige ar na réitigh a cheapann an pobal idirnáisiúnta ar na dúshláin eacnamaíocha is práinní dá bhfuil ann.
Sa spotsolas
Tá deontais agus iasachtaí dar luach €450 billiún eisíoctha ag Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA) an Aontais, ar cuid í de NextGenerationEU, is é sin beagnach 80% den iomlán a d’iarr na Ballstáit.
Tá measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún anois ar na 32 iarratas deiridh ar íocaíocht, agus tá an €123 bhilliún atá fágtha (21% den chlúdach) le heisíoc faoi dheireadh 2026.
Le linn shaolré an chláir, d’oibrigh tíortha an Aontais chun beagnach 6,000 cloch mhíle agus sprioc a bhaint amach chun athchóirithe agus infheistíochtaí a thacaíonn leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach a chur i gcrích. Go dtí seo, tá 4,082 acu bainte amach agus tá measúnú á dhéanamh ar 1,899 acu.

Athbhreithníodh an leathanach seo den uair dheireanach an 23 Deireadh Fómhair 2026