Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
An Coimisiún Eorpach

Eagrúchán an Choimisiúin Eorpaigh

Ceannaireacht pholaitiúil

Faoi cheannaireacht a Uachtaráin, déanann grúpa de 27 gCoimisinéir, ar a dtugtar ‘an Coláiste’, obair an Choimisiúin a stiúradh. Le chéile, déanann siad cinntí ar chuspóirí polaitiúla agus straitéiseacha an Choimisiúin.

Ceaptar coláiste nua Coimisinéirí gach 5 bliana.

Ard-Stiúrthóireachtaí agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

Tá an Coimisiún roinnte ina ranna beartais, ar a dtugtar Ard-Stiúrthóireachtaí (ASanna), agus tá siadsan freagrach as réimsí beartais éagsúla. Is iad na ASanna a dhéanann beartas, dlíthe agus cláir mhaoiniúcháin an Aontais a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a bhainistiú. Ina theannta sin, déileálann ranna seirbhíse le saincheisteanna sonracha riaracháin. Is ann do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin a bhainistíonn na cláir a chuireann an Coimisiún ar bun.

Liosta na nArd-Stiúrthóireachtaí agus na nGníomhaireachtaí Feidhmiúcháin

Baill foirne an Choimisiúin

Faoi láthair, oibríonn níos mó ná 33,000 fostaí sa Choimisiún, idir fhostaithe buana agus fhostaithe ar conradh. Orthu sin tá oifigigh bheartais, taighdeoirí, dlíodóirí, aistritheoirí, agus go leor próifílí eile. 

Déanann an Coimisiún gach iarracht a bheith ina eagraíocht nua-aimseartha sholúbtha atá bunaithe ar luachanna agus a chinntíonn go dtugann na baill foirne torthaí iontacha do dhaoine ar fud an Aontais. 

Faigh tuilleadh eolais faoi…

Oifigí an Choimisiúin

Ár gceanncheathrú 

Tá Ard-Stiúrthóireachtaí agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin an Choimisiúin lonnaithe sa Bhruiséil agus i Lucsamburg. 

Tionóltar cruinnithe seachtainiúla na gCoimisinéirí sa cheanncheathrú sa Bhruiséil nó i Strasbourg. 

Ár n-oifigí sna Ballstáit 

Gníomhaíonn na hionadaíochtaí ar fud Bhallstáit an Aontais mar ghuth an Choimisiúin agus déanann siad faireachán ar thuairimí an phobail ina dtír aíochta. 

Cuireann siad eolas faoin Aontas ar fáil agus eagraíonn siad imeachtaí a bhaineann leis an Aontas. Socraíonn roinnt acu cuairteanna do scoileanna agus cuireann siad ionaid ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann leis an Aontas Eorpach. Seachas Ionadaíochtaí, tá oifigí ag gníomhaireachtaí éagsúla de chuid an Aontais sna Ballstáit. 

Déanann an Coimisiún cothabháil freisin ar Ionaid Faisnéise Europe Direct.

Oifigí lasmuigh den Aontas 

Tá 139 n-oifig ag an Aontas lasmuigh den Aontas, ar a dtugtar Toscaireachtaí an Aontais. Déanann siad ionadaíocht thar ceann an Aontais agus a chuid saoránach ar fud an domhain agus forbraíonn siad líonraí agus comhpháirtíochtaí.