Jump to content

Inspeirm

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is inspeirm ann ná an fíochán a tháirgtear taobh istigh den chuid is mó de shíolta na bplandaí bláthanna, tar éis toirchithe. Timpeallaíonn sí an suth agus soláthraíonn sí cothaithe i bhfoirm stáirse, cé gur féidir go mbeadh olaí agus próitéin ann freisin. Is féidir inspeirm a bheith ina foinse cothaithe in aiste bia an duine. Mar shampla, meiltear inspeirm na cruithneachta ina plúr chun aráin (tá an chuid eile den ghráin san áireamh chomh maith i bplúr lánchruithneachta), agus ag an am céanna, tá inspeirm na heorna ina foinse is mó i gcomhair siúcraí le haghaidh beorach a tháirgeadh. Samplaí eile de inspeirm a fhoirmíonn an chuid is mó den chuid inite is ea "feoil" chnónna cócó agus "uisce" chnóanna cócó ,[1] agus arbhar.[2] Táirgeann roinnt plandaí síolta gan inspeirm,[3][4] mar shampla plandaí sna finte Fabaceae[3]Orchidaceae.[4]

Bunús na hinspeirme

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá síolta beaga le suthanna beaga agus inspeirmeacha flúirseacha ag sinsir na bplandaí bláthanna, agus is gnách go léiríonn forbairt éabhlóideach na bplandaí bláthanna treocht i dtreo plandaí le síolta aibí le beagán nó gan aon inspirme. I bplandaí bláthanna atá níos díorthaíte, líonannan an suth an chuid is mó den síol agus bíonn an inspeorm neamh fhorbartha nó ite roimh an síol a bheith  aibithe.[5][6]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "retrieved 14 July 2010". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2 Meán Fómhair 2017. Dáta rochtana: 1 Nollaig 2017.
  2. Bhargava, Kotte & Sri, B & BanuTeja, C & Kumar, G. (2022). 61. Maize- Kernel Composition and Development. Just Agriculture e-Newsletter, Vol. 3 Issue-4, December 2022
  3. 1 2 Murphy, D. (2019, January 9). Inside of a seed: two dicots. Awkward Botany. Retrieved February 16, 2026, from https://awkwardbotany.com/2019/01/09/inside-of-a-seed-two-dicots/
  4. 1 2 Tiwari, P., Sharma, A., Bose, S. K., & Park, K. I. (2024). Advances in orchid biology: Biotechnological achievements, translational success, and commercial outcomes. Horticulturae, 10(2), 152.
  5. "The Seed Biology Place - Seed Dormancy".
  6. Friedman, William E. (1998), "The evolution of double fertilization and endosperm: an "historical" perspective", Sexual Plant Reproduction, 11: 6, doi:10.1007/s004970050114